Manchán Magan

Ceannaigh
Ceannaigh
Ceannaigh
Léirmheas
Léirmheas
 
 

Baba-ji agus TnaG, Seachrán san India

(Coiscéim, 2005)

Is é an bhliain 1996 é, agus tá iarracht dheireanach á déanamh corpán seanchaite na Gaeilge a tharrtháil ón mbás. Caitear £12 mhilliún ar stáisiún nua teilifíse, le súil gur féidir leis í a athbheochan, a mianach barbartha a athmhúnlú don aois nua.

Ag an am céanna, i mbothán suarach go hard sna Himiléithe, tá Éireannach óg seachmallach ag caitheamh saol an díthreabhaigh, ag ól a chuid múin agus ag éisteacht le cór ainglí laistigh dá cheann. An bhféadfadh gurb é an buachaill mearaithe leochaileach seo todhchaí na Gaeilge? An féidir leis an teanga sheanda phrimitíbheach seo a chur in oiriúint do na smaointe seachránacha ina cheann? Téann a dheartháir mór, atá níos ciallmhaire ná é, amach ar turas le fóirithint air. Tugann sé ceamara agus micreafón ina theannta, agus is mar seo a thosaíonn traidisiún oirirc na gcláracha taistil ar TG4.

An mbeidh na deartháireacha—nár labhair lena chéile le deich mbliana, agus nár dhein clár teilifíse riamh—in ann an chéad sraith taistil i nGaeilge a chruthú, ar ábhar chomh teibí casta le hIndia an lae inniu? An mbeidh suim dá laghad ag an nGaeltacht faire ar a gcuid fánaíochta? An mbeidh aon tóir ar na carachtair imeallacha a mbuaileann siad leo: an hata bán lobhrach is a chairde déghnéasacha, banríon shaol taidhleoireachta Dheilí, an t‑iógaí neamhbhásmhar? Nó an bhfuil siad ag cur pinginí luachmhara an stáisiúin amú, agus tairne deiridh i gcónra na teanga…?

Duais Litríochta an Oireachtas 2005

Winner of OIREACHTAS prize for non-fiction     

Manchán ar Seachrán  (Coiscéim 1998)

Insíonn an fotheideal a scéal féin, “Ó Bhaile Átha Cliath go Nairobi i Seanleoraí Airm” Ní leabhar taistil mar gach leabhar taistil é seo, ach iarracht an údar a thuiscint ar an saol a fhorbairt agus léargas éigin a thabhairt ar chruatan shaol na hAfraice.

 

 

 

Bí i nGrá  (Coiscéím, 2008)
 
Buailtear buille trom ar Rachel díreach agus a saol go léir amach roimpi.Ní hiontas go ngineann an t-uafás seo fonn féinmhillte inti. Ach is iontas í an duine a thagann i gcabhair uirthi, más cabhair é. Tá spéis ag a haintínneamhghnách i bhfuinneamh diamhrach na cruinne, agus leanann Rachel í dá hainneoin féin. Ar deireadh, baineann an bheirt baile iargúlta in Éirinn amach. Anseo castar orthu daoine a bhfuil a gcion féin d’ualach an tsaoil le hiompar acu.Is aisteach agus is iontach mar a fhítear cinniúint na ndaoine seo inachéile san úrscéal seo, atá lán go béal den ilghnéitheacht spreagúil is dual don údar.